Litir
fháilteach ón gCathaoirleach
Fáiltím
romhaibh go léir go dtí ár suíomh
ar an idirlíon. Tá go leor le foghluim ann faoi
chultúr agus oidhreacht shaibhir Theach Mhucrois agus tá
súil agam go spreagfaidh sé sibh go léir
chun cuairt a thabhairt orainn amach anseo.
Tugann
an suíomh seo sracfhéachaint díbh ar an iliomad
eachtraí agus imeachtaí atá ar fáil
i dTeach Mhucrois. Ba mhaith linn an áis iontach seo a
roinnt libh go léir agus is chuige sin atá an suíomh
seo á fhorbairt againn.
Siad
príomhaidhmeanna na heagraíochta seo ná cosaint
agus caomhnú a dhéanamh ar cheann de na heastáit
is áille sa tír agus is pribhléid mhór
domsa bheith mar Chathaoirleach ar an mBord Riartha.
Bhronn
an Seanadóir Arthur Rose Vincent agus muintir a chéile,
clann William Bowers Bourn an t-eastát seo ar mhuintir
na hÉireann, agus tá an Bord Riartha, le cabhair
ón Rialtas an-bhródúil as an méid
oibre atá curtha isteach acu le daichead bliain leis an
áit a chur chun cinn.
Chun
críochnú seo sliocht beag atá luaite le George
Berkely, Easpag Cloyne (1685 -1753):
"D'fhéadfadh
Rí na Fraince Versailles a leagan amach,ach in ainneoin
a chuid ioncaim theipfeadh air Mucros eile a leagan amach."
Tugaim
cuireadh díbh teacht anseo - beidh míle fáilte
romhaibh
Michael
Gleeson
Cathaoirleach
Bord Riartha Theach Mhucrois.